Gaeltalk: Learn to speak Irish Online, from native Irish speakers.

Home

Module 1: Conversation at the Crossroads in Ballingeary (after coming down off the Bus) As Gaeilge Irish As Béarla English Sarah: Dia dhuit! Hello! Seán: Dia is Muire dhuit! Hello! Sarah: Conas tá'n tú? How are you? Seán: Táim go maith, buíochas le Dia. I'm fine, thanks be to God. Sarah: Gabh mo leithscéal, cad dúirís? Excuse me, what did you say? Seán: Táim go maith, buíochas le Dia. I'm fine, thanks be to God. Sarah: Ó, tuigim anois. Oh, I understand now. Seán: Cad is ainm duit? What's your name? Sarah: Sarah is ainm dom. Cad is ainm duitse? My name is Sarah. What is your name? Seán: Seán is ainm domsa. Cad as duit? Seán is my name. Where are you from? Sarah: Is ó Chorcaigh mé. Cad as duit féin? I'm from Cork. Where are you from yourself? Seán: Is ó Bhéal Átha an Ghaorthaidh mé. Tá cónaí orm anseo agus táim ag obair anseo chómh maith. I'm from Ballingeary. I live here and work here as well. Sarah: Táimse ag obair i gCoraigh ach táim ag taisteal anois agus ag foghlaim na Gaeilge. I'm working in Cork but I'm travelling now, and learning Irish. Seán: Bhuel, Fáilte romhat go Béal Átha an Ghaorthaidh. Well, welcome to Ballingeary !