|
Module
4: Ospidéal
An
Roinn Iontrálacha
Cléireach: Dia Dhuit.
Othar: Dia's Muire Dhuit.
Cléireach: An féidir liom cabhrú leat?
Othar: Chuir mo dhochtúir isteach mé le h-aghaidh obráid
Cléireach: Cad is ainm duit?
Othar: Mícheál Ó Riain is ainm dom.
Cléireach: An bhfuil litir dochtúra agat?
Othar: Tá, seo duit é.
Cléireach: Go raibh maith agat. Cad é do sheoladh?
Othar: 3, Ascaill Uí Mhurchú, Bóthar na Sceiche Airde,
Luimneach.
Cléireach: Cén lá breithe atá agat?
Othar: An tríú lá fichead d'Aibreán Naoi Déag
Caoga Sé.
Cléireach: An bhfuil tú pósta nó singil?
Othar: Táim Pósta.
Cléireach: Cad is ainm dod' bhean céile?
Othar: Nóra Uí Riain is ainm di.
Cléireach: Cén tslí bheatha atá agat?
Othar: Is leictreoir mé.
Cléireach: An bhfuil cárta liachta agat?
Othar: Níl, ach tá árachas sláinte agam le
VHI.
Cléireach: Cén uimhir ballraíochta atá agat?
Othar: Tá sé scríofa ansin ar mo chárta VHI.
Cléireach: An mbeidh tú i d'othar poiblí/príobháideach
nó leath-phríobháideach?
Othar: Príobháideac.
Cléireach: An bhfuil tú ag glacadh aon leigheas faoi láthair?
Othar: Níl.
Cléireach: An síneoidh tú an fhoirm seo led' thoil?
Othar: Síneoidh.
Cléireach: Tógfaidh freastalaí go dtí an bharda
máinliachta tú go luath. Labhróidh dochtúir
leat níos déanaí agus tógfaidh sí do
shonraí maidir le do stair sláinte. Déanfaidh sí
scrúdú ort chomh maith.
|