|
Module
3: Leabharlann
Comhrá
1
Leabharlannaí: Dia Dhuit.
Léitheoir: Dia's Muire Dhuit.
Leabharlannaí: An féidir liom cabhrú leat?
Léitheoir: Tá leabhar á lorg agam.
Leabharlannaí: Cén teideal atá ar an leabhar?
Léitheoir: Ó Bhéal a' Bhab
Leabharlannaí: Cad is ainm den údar?
Léitheoir: Ceapaim gurb í Bab Feirtéir an t-údar.
Leabharlannaí: Lorgóidh mé é ar an Ríomhaire.
Nóiméad amháin led' thoil
Tá brón orm ach níl sé againn faoi láthair.
Léitheoir: An Féidir leat é a ordú dom?
Leabharlannaí: Is féidir. Tógfaidh sé cúpla
seachtain .
Léitheoir: Go raibh maith agat.
Leabharlannaí: Tá fáilte romhat.
Comhrá 2
Léitheoir:
Gabh mo leithscéal, níl amharc ró-mhaith agam. Cá
bhfuil na leabhair leis an gcló mór le do thoil?
Leabharlannaí:
Tá siad thall ansin ar an seilf íochtar. An féidir
liom teideal a mholadh duit? Cén saghas leabhar atá á
lorg agat?
Léitheoir:
Léitheoir: Is deas uait sin. Tá suim agam i scéalta
stairiúla, cosúil leis na scéalta deasa a fheicimid
ar an teilifís - Mansfield Park, an ea?
Leabharlannaí:
Tá aithne agam ar an chineál sin. Níl na leabhair
sin ar fáil againn i gcló mór, ach b'fhéidir
gur féidir liom rud eile níos oiriúnaí a mholadh
duit. Ar bhain tú triail as na leabhair atá ar chaiséad
fós?
Léitheoir:
Níor bhain, cá bhfuil siad le fáil?
Leabharlannaí:
Tá siad anseo - tá rogha iomlán d'úrscéalta
rómánsacha againn. Tá scríbhneoirí
cáiliúla mar Jane Austin agus William Thackery sa chnuasach
seo. Féach ar na teidil seo. Is féidir leat ceann acu a
thriail ar na cluasáin sin le fháil amach an mbainfeá
taitneamh astu. Aisteoirí den scoth a rinne an taifeadadh agus
is mór an pléisiúr iad. Is minic a bhím féin
ag éisteacht leo sa ghluaisteán.
Léitheoir:
An bhfuil aon rud ar fáil agat as Gaeilge? Is deacair dom í
a léamh ach ba bhreá liom éisteacht le scéal
maith as Gaeilge. Rugadh agus tógadh sa Ghaeltacht mé. Nuair
a chloisim an Ghaeilge á labhairt anois bím ag smaoineamh
ar ais ar an am sin.
Leabharlannaí:
Tá, cinnte, Tá dhá leabhar Gaeilge nua ar chaiséad
againn: An Bealach 'na Bhaile, An Triail, agus Dlíthe an Nádúir-
sin ceann nua atá díreach tar éis teacht isteach.
Léitheoir:
An féidir leat cabhrú liom chun an meaisín seo a
cur ag obair, le do thoil?
Leabharlannaí:
Anois, cur na cluasáin seo ort féin, le do thoil agus cuirfidh
mé An Bealach 'na Bhaile ar siúl duit. Suigh síos
anseo. Ceapaim go mbainfidh tú taitneamh as.
Léitheoir:
Bhuel, bhí sé sin go hiontach ar fad. Bím ag éisteacht
leis an raidió go minic ach is deacair scéal maith fada
mar sin a fháil ar an raidió. . Is féidir liom é
sin a stopadh aon uair is mian liom agus teacht ar ais chuige ar ball.
Nach breá an smaoineamh é sin!
Leabharlannaí:
Sea. Ceapann cuid dár mballra gur rud an-shuaimhneasach é.
Is féidir leat suí síos ag éisteacht, le do
shúile dúnta - gan aon bhrú ar bith ar na súile!
Léitheoir:
Ach is dócha go mbeadh baol ann go dtitfeá i do choladh,
toisc go bhfuil na guthanna atá acu chomh sábh agus chomh
taitneamhach.
Leabharlannaí:
Tá áthas orm gur bhain tú taitneamh as. Féach
ar na cinn eile ansin agus roghnaigh ceann nó dhó chun tógáil
abhaile leat. Tá rogha mhaith againn.
Léitheoir:
Tógfaidh mé 'An Bealach 'na Bhaile' agus 'Ó Béal
an Bhab' - tá dhá caiséad iontu siúd. Beidh
siad sin go leor dom don deireadh seachtaine. An bhfuil táille
bhreise ar na caiséid?
Leabharlannaí:
Níl, tá táille de €30 chun rud a fháil
ar iasacht ón Leabharlann Cheoil, ach níl aon táille
bhreise ar na caiséid.
Léitheoir:
Go raibh míle maith agat, slán anois.
Leabharlannaí:
Tá fáilte romhat, slán.
|