|
Module
2: State
Office / Oifig Stáit
Cómhrá
1
Fáilteoir:
Dia Dhuit.
Fiosróir: Dia's Muire Dhuit.
Fáilteoir: An féidir liom cabhrú leat?
Fiosróir: Táim ag lorg foirm do dheontas oideachais.
Fáilteoir: Tá an fhoirm ar fáil san oifig oideachais
ar an tríú urlár. Tóg an t-ardaitheoir chuig
an tríú urlár agus téigh chuig an dara doras
ar dheis. Brúigh an cloigín ar an gcuntar agus tiocfaidh
duine éigin i gcabhair ort.
Fiosraitheoir : Go raibh maith agat.
Fáilteoir : Tá Fáilte romhat. Ma tá aon fhadhb
agat, tar thar n-ais chugam.
Cómhrá
2
Fáilteor: Fáilte. An féidir liom cabhrú leat?
Fiosróir: Ba mhaith liom labhairt as Gaeilge. An bhfuil Gaeilge
agat?
Fáilteoir: Gábh mo leithscéal, cad a dúirt
tú?
Fiosróir: Dúaras gur mhaith liom labhairt as Gaeilge. An
bhfuil éinne san oifig seo a bhfuil Gaeilge acu?
Fáilteoir: Tá Gaeilge agamsa. Conas is féidir liom
cabhrú leat?
Fiosróir: Tá foirm agam anseo don chlár 'Ar Ais Chun
Oideachais' . An féidir leat cabhair a thabhairt dom chun é
a líonadh le do thoil? Rinne mé dearmad mo spéaclaí
a thabhairt liom.
Fáilteoir: Cinnte. Cad é an sloinne atá ort, le do
thoil?
Fiosróir: De Búrca
Fáilteoir: Cad é d'ainm baiste?
Fiosróir: Sinéad, Bernadette
Fáilteoir: Cá bhfuil cónaí ort?
Fiosróir: 36, Corrán Naoimh Bhreandáin, Baile na
Tíre, Baile Átha Cliath 18
Fáilteoir: An bhfuil uimhir teileafón agat?
Fiosróir: Tá, 01-8693401.
Fáilteoir: Cén seoladh a bheidh agat fad is a bheidh tú
ag freastal ar an gcoláiste?
Fiosróir: Uimhir 14, Na Pinniúra Glasa, Caisleáin
Troí, Cathair Luimnigh
Fáilteoir: Cad é d'Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí?
Fiosróir: 4480051A
Fáilteoir: Agus cad é do dháta bhreithe?
Fiosróir: An ceathrú lá déag de Mhí
Iúil, naoi déag seasca
Fáilteoir: Cad iad na scrúdaithe atá déanta
agat ón Meánscoil?
Fiosróir: Bhaineas amach an Meánteistiméireacht i
naoi déag seachtó cúig agus fuair mé onóracha
i gceithre ábhar . Bhaineas amach scrúdú na hArdteistiméireachta
sa bhliain naoi déag seachtó hocht agus fuaireas trí
honóra
Fáilteoir: An bhfuil aon cúrsa nó scrúdú
Tríú Leibhéal déanta agat?
Fiosróir: Níl, fós!
Fáilteoir: An raibh tú ag obair roimhe seo?
Fiosróir: Táim dífhostaithe faoi láthair ,
ach bhíos ag obair i siopa Spar i nDún droma suas go trí
bliana ó shin
Fáilteoir: Cad é ainm agus seoladh d'fhostóir dheireanach?
Fiosróir: Siobhán Ní CunnaigáinUimhir 37,
Ascaill An Coill Fáibhile Íochtar, Cluain Sceadh, Baile
Átha Cliath 6.
Fáilteoir: Cén saghas obair a bhí á dhéanamh
agat ansin?
Fiosróir: Bhíos ag obair ag an gcuntar.
Fáilteoir: Cén fhad a raibh tú fostaithe/ag obair
san áit sin?
Fiosróir: Trí bliana
|