Module 1 - Telephone Calls

Routine Call

Comhairle Chontae. Máire anseo.

Fiosróir : Dia Duit. An féidir liom labhairt le Seán Mac Gabhann?

Guthánaí: Nóiméad amháin le do thoil.

Guthánaí : Tá a líne gafa faoi láthair. Ar mhaith leat feitheamh dó?

Fiosróir : Ba mhaith.

Guthánaí : Tá a líne fós gafa. Ar mhaith leat feitheamh ar feadh cúpla nóiméad eile?

Fiosróir : Níor mhaith, go raibh maith agat.

Guthánaí : Ar mhaith leat teachtaireacht a fhágáil dó?

Fiosróir : Níor mhaith. Bainfidh mé triail as arís ar ball. Go raibh maith agat. Slán.

Guthánaí : Tá fáilte romhat. Slán.

 

The Problem Call:

 

Guthánaí: An Roinn Dlí agus Cirt, Chomhionannais agus Athchóirithe Dlí. Breandán anseo.

Fiosróir: Dia duit. Ba mhaith liom labhairt le hEibhlín de Barra.

Guthánaí: Tá brón orm ach níl sí san oifig faoi láthair. Ar mhaith leat teachtaireacht a fhágáil ar a gléas freagartha?

Fiosróir: Níor mhaith ach ba mhaith liom teachtaireacht a fhágáil di.

Guthánaí: Ta brón orm ach ní thógfaimid teachtaireachtaí anseo ag an bhfáiltiú. Is féidir leat teachtaireacht a fhágáil ar a gléas freagartha.

Fiosróir: Níl sé sin maith go leor. Ní maith liom a bheith ag caint leis na gléasanna freagartha sin. Cén fáth nach féidir leat teachtaireacht a thógáil agus é a thabhairt di nuair a thagann sí isteach?

Guthánaí: Tá brón orm a dhuine uasail ach ní bheinn in ann gealltanas a thabhairt go bhfaigheadh Ms. De Barra an teachtaireacht mar is polasaí na h-oifige iarraidh ar dhaoine a ghlaonn teachtaireacht a fhágáil ar ghléas freagartha, Sa tslí sin tá sé cinnte go bhfaigheadh an duine an teachtaireacht.

Fiosóir: Cuirfidh mé glaoch níos déanaí , Slán

Guthánaí: Go raibh maith agat. Slán.

 

Read & listen to the conversations
Click on the speech bubbles to listen to each sentence
About the icons above
Click on the page icon for an English translation and to access the answer in the exercise and quiz sections.
Click on the speaker to download the whole conversation.
Click on the printer for a printer-friendly version of this page.
Click on the tutor icon to book a live session with your tutor.